← Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis. 🔊✎
← Cuán a bhí air, i ndáiríre ach Cú a thugadar air go hiondúil. 🔊✎
← Bhí trí bliana dean slánaithe aige. 🔊✎
← Ocht mbliana déag a bhí aige siúd. 🔊✎
← Ach bhí sé de nós aige an rud a bhí a mháthair ag iarraidh a chloisint a rá léi. 🔊✎
← Bhí an nós sin ag gach duine. 🔊✎
← Bhí a fhios aici go mbeadh an ceiliúradh go haoibhinn, an fhéile caithréimeach, mar ba chóir di a bheith. 🔊✎
← Caithréim a bhí bainte amach aici, dar léi. 🔊✎
← Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. 🔊✎
← Ise a d'aithin na féidearthachtaí a bhí sa bhuachaill aineolach seo. 🔊✎
← Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. 🔊✎
← Bhí a lán le ceiliúradh acu. 🔊✎
← Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile short. 🔊✎
← Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b'in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. 🔊✎
← Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. 🔊✎
← Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. 🔊✎
← Bhí gach rud ann glan agus néata agus álainn: péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir, bláthanna sna prócaí. 🔊✎
← Mar sin a bhí i gcónaí, sa teach seo. 🔊✎
← Bean tí den scoth a bhí i Lisín. 🔊✎
← Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn, agus ag an am céanna bhí sí féin néata agus álainn. 🔊✎
← De ghnáth is rud amháin nó rud eile a bhíonn i gceist ach níorbh amhlaidh a bhí i gcás Lisín. 🔊✎
← Bhí an chuma ar Lisín go raibh sí ina hógbhean fós. 🔊✎
← Bhí sí tanaí agus bhí gruaig fhada fhionn uirthi. 🔊✎
← Bhuel, bhí an saghas sin gruaige ar na máithreacha go léir ar an mbóthar seo, Ascaill na Fuinseoige. 🔊✎
← Bóthar fionn a bhí ann, cé go raibh na fir dorcha: dubh nó donn, agus, a bhformhór, liath. 🔊✎
← Ach bhí sise aisteach ar mhórán bealaí. 🔊✎
← Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b'in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. 🔊✎
← Ach bhí rud éigin sa bhreis ag Lisín orthu ar fad. 🔊✎
← Bhí sí níos faiseanta agus níos néata ná aon duine eile. 🔊✎
← I mbeagán focal, bhí sí foirfe. 🔊✎
← Bhí grá aige dá mháthair. 🔊✎
← Bhí rud éigin faoin Uasal Mac Gabhann a chuir isteach air. 🔊✎
← Bhí sé cairdiúil agus gealgháireach, agus ba mhinic grinnscéal de shaghas éigin aige. 🔊✎
← Ach bhí súile géara aige, ar nós na súl a bhíonn ag múinteoirí. 🔊✎
← Fiú amháin agus é ag caint ag an doras bhí na súile sin ag stánadh ar Ruán, agus an chuma orthu go raibh x-ghathú á dhéanamh acu ar a raibh laistigh dá intinn agus ina chroí. 🔊✎
← Bean thanaí, dhathúil, ghealgháireach, bean tí iontach, agus ag an am céanna bhí a lán rudaí eile ar siúl ag Lisín. 🔊✎
← Bhí ag éirí go sármhaith le Pól; bhí sé ina léachtóir san ollscoil, i gcúrsaí gnó, ach ní sa chomhthéacs sin a rinne sé a chuid airgid, ach ag ceannach stoc ar an idirlíon. 🔊✎
← Bhí sé eolach agus cliste agus ciallmhar, agus bhí raidhse mór airgid aige um an dtaca seo, agus é go léir infheistithe sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc. 🔊✎
← Bhí árasáin agus tithe aige freisin, anseo is ansiúd ar fud na hEorpa, agus cíos á bhailiú aige uathu. 🔊✎
← Mar sin d'fhad sí sa bhaile, ach bhí sí gnóthach, ina ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna: clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta, clubanna a d'eagraigh léachtaí ar stair áitiúil agus geolaíocht áitiúil agus litríocht áitiúil, agus faoi conas do ghairdín a leagan amach ionas go mbeadh sé níos deise ná gairdíní na gcomharsan nó do theach a mhaisiú ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad. 🔊✎